Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 534

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 534

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 534
  3. XML “Leipreacháin agus Murúcha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní tugtar ar an Leipreachán thart annseo ach amháin an Leipreachán. Firín an bheag 'seadh é. Níl sé acht cúpla orlach ar aoirde. Deirtear go mbíonn eadaigh uaithne air agus caipín dearg. Deir cuid de na daoine go mbíonn sé i n-a chomhnuidhe faoi an sgeich ghil, nó le na sidheóga. Deirtear go mbíonn sé i n-aice liosanna gach oidhche timpeall a dó dhéág o' clog agus go mbíonn sparán óír aige i bhfolach thíos san talamh.
    Is é an obair a bhíonn ar siubhal ag an Leipreachan i gcomhnuidhe gréasuidheacht. Bíonn sé ag déanamh bróg i gcomhnuidhe. Bíonn casúr, ceap, tairgní agu sleathar ghá iompar ó áit go h-áit aige.
    Má bheireann duine air agus coinneál ag dearcadh air i gcomhnuidhe go dtiubhradh sé an t-ór dhó ach má bhreathnuigheann sé uaidh ní bhfuigheadh sé aon ór.
    Bhí fear ins an áit seo fadó agus oidhche amháín rug sé ar Leipreachán ag dún i n-aice le Corr na Móna, agus dubhairt sé nach leigfeadh sé amach é go bhfuigheadh sé an sparán óír. Bhí an leipreachán ag iarraidh ar an bhfear breathnú de féin ach níor thóg sé a shúil de. Dubhairt an Leipreachán go raibh sé ag an bhfear a bhí taobh thiar de. Dhearc an fear thart agus ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Droighneáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway