Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh mórán fathaigh nó cailleacha san áit seo ach tá sgéalta acu i dtaobh fathaigh.Aon uair amháin bhí fathach an-mhór ann agus bhí an-fhaitchíos ar na daoine roimhe. I n-aice le Túir Mhic Éadaigh a bhí sé i n-a chomhnuidhe. Lá amháin rinne fear san áit sin seift chun é do mharbhú. Chuaidh sé go dtí an áit a bhí an fathach i n-a chomhnuidhe agus bhí croiceann caorach casta timpeall air. Nuair a chuaidh sé isteach chuig an fathach chuir sé geall leis gog n-íosfadh sé an oiread is a n-íosfadh an fathach. Thosuigh siad ag ithe annsin agus dubhairt an fathach go marbhóchadh sé an fear muna n-íosfadh sé an oiread is a d'íosfadh sé féín. Nuair a bhí siad ag ithe, bhíodh an fear ag leigint a bídh síos taobh istigh de'n chroiceann caorach,a gus shíl an fathach gur ghá ithe a bhí sé. Annsin nuair a bhí an pota mór fataí agus feoil ithte, dubhairt an fear go riabh sé féin i n-ann rud a dhéanamh nach ndéanfadh an fathach. Annsin thug an fear aghaidh na scíne dhó feín agus ghearr sé an croiceann caorach. Shíl an fathach gur b'é a croiceann féin a bhí an fear g gearradh agus rinne sé féín an rud céadna agus thuit sé mín marbh. Bhí áthas ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. Galway