School: Baile Nua (roll number 15331)

Location:
An Baile Nua, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ua hUigín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua
  2. XML Page 112
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Le scéal na bainfheise seo a thuiscint i gceart ní mór eolas éigin a chur ar pharáisde Mághchuilinn i dtosach.

    Le sgéal na bainfheise seo a thuigsint i gceart ní mór eolas éigin a chur ar pharáisde Mághchuilinn i dtosach. Is ait an pharáisde é ar go leór bealaighe. Tuairim's lár báire ann, atá an sráid-bhaile beag ar a dtugtar an Garrdha Gamhain air. Gach a bhfuil den pharáisde ó thuaidh den Gharrda Gamhain tugtar an Taobh Mín no na coillte air, agus an leimistéar atá ar an taobh eile tugtar an Sliabh air.
    Bíonn lá an greannmhar ag gach beinfhéis a mbíonn i Mághchuilinn, ach le na blíadhanta anuas ní fhaca aon duine 'ríamh a leithide de bhainfhéis is a bhí ag Seán Breathnach as an t-Sean-Bhaile cé gur mór an rud le rádh é.
    I dteach an phobail i Mághchuilinn a pósadh an lánamháin úd agus bhí trí mhíle le dul as sin go teach na bainfheise. Mara raibh caiple díallaide, carranna, agus cairteacha bailighthe ann ní lá go maidin é. Thuas ar shlíabh a bhí cómnuidhe de Seán Breathnach agus tá fhios ag an saoghal nach féidir aon coisidheacht den rath a bhainnt as caiple ag dul súas an t-árd sin, agus dá bhrígh sin b'eigean imtheacht go mín réidh socair go raibh an t-ard glanta. Ach mar ar féad na marcaigh a dhul a comhlinnt súas an cnoc d'fhéadadar a bheith a cur feisteas orthú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Address
    An Seanbhaile, Co. Galway
    Informant
    Bríghid Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    An Seanbhaile, Co. Galway