School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 113
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Le scéal na bainfheise seo a thuiscint i gceart ní mór eolas éigin a chur ar pharáisde Mághchuilinn i dtosach.”
(continued from previous page)féin ár ndóigh. D'fheicfeá duine a cur sreangán anuas ar a hata agus a cur snaidhm air fá na smig, marcach eile a sáthadh a chaipin ina phóca ar fhaitchíos go gcaillfeadh sé é, duine eile a féachaint a raibh fastódh maith ar a dhíallaid. Sílfeá go raibh fhios ag na caiple féin céard a bhí amach rómpa agus dár ndóigh ní h-íongnadh dá mbeadh fhios ní í sin an chéad úair acu ag bainfhéis.
Chuaidh go leór daoine go dtí an séipéal i n-éindig leis an lanamháin a bhí le posadh agus an chuid a d'fhan sa mbaile bhíod a gcloigne sáithte amach sna doirse a féachaint a rabhadar a teacht.
Ach faoí dheire leig duine éigin sgread. "Tá síad a 'tígheacht" Tá síad a tígheacht faoí dheireadh! Feach iad ag ceann an bóithrín"
"Cé atá un tosaigh" adeir Micilín O Gabháin "Seánain Dearg an eadh." "Ní headh muis capall dubh atá amuigh un tosaigh fós agus sgead bán ann.
Hoi Máirtín Bán adubhradhar uile d'aon ghuth, nuair a shroich seisean ceann-sgribhe. Shroich na marcaigh eile ceann-sgríbe do réir a chéile, tamaillín ina dhiaidh sin bhí cúlgáire no búille na gcarranna le cloisteáil. Bhí an lánamhán óg ar an gcéad cárr agus Séamús Ó Fáthairtaigh agus Caitlín Ní Chadhain ar an dara ceann.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway