Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr fear i gConnamara fadó (go)de thriúr dreathár (dreár). Dubhairt a' dreáir ba shine go rachad sé ar thóir oibre. Casú isteach go dtí rí é agus d'iarr cabhair air. Fuair sé obair uaidh agus rinneadar margadh le n-a chéile. Dubht. a' rí leis dá bhfuighead sé aon locht ar aon obair a chuirfeadh sé féin a dheanamh é go mbeadh a' cloigeann le cailleadh aige. Agus dubht. a' buachaill aimsire leis a' rí dá bhfuigead seisean aon locht air féin go mbeadh a' cloigeann le cailleadh aige féin.
Thug a' rí leis annsin é go dtí áit a raibh stábla mór lán le arbhar agus dubht. sé leis a' méid sin arbhair a bheith buailt' aige tráthnóna. Thosaigh sé ag obair. Níor bh'fhada go dtáinic a' rí go dtí é agus d'fhiafruigh dhó cé 'chaoi raibh sé 'déanadh. Dubht. a buachaill aimsire go raibh (="roth") sé a' déanadh go dona agus d'fhiafruigh a rí dhó, - "A' bhfaghann tú aon locht air?" Dubht. a' buachaill (boch-ill) go bhfuair agus a dhói(th)in. Níor chuimhnigh sé ar an margadh bhí déanta agus baineadh an cloigeann dhó.
Bhí go maith. D'imthigh (d'ime) an dara dreár agus cé gcasfhaidhe é ach isteach ag a' rí a raibh a' chéad dreáir aige, agus thuit a' rud céadna amach agus a thuit amach (g)do'n chéad dreáir dhó.
Dubht. an tríomhadh dr. go rachad sé féin ar thóraidheacht oibre agus casadh isteach go dtí'n rí céadn' é. D'fhiafruigh sé go'n rí ar theastuigh aon fhear oibre uaidh. Dubht. a' rí gur theastuigh - ach, adeir sé, - má fhaghann ceann againn locht ar an duin' eile beidh an cloigeann le cailleadh ag a' lochtaidhe. Chuir a' rí isteach é san áit céadna ar cuireadh an bheirt roimhe sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. Galway