Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0237

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0237
  3. XML “Rí Alban agus Iníon Rí an Domhain Thiar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus d'fhiafruigh sé dhó céard do las sé agus dubhairt an giolla leis gur "match" é. Dubhairt an rí nárbh eadh acht cuid de ghruaig inghean rí an Domhain Thiar. B'éigean don ghiolla tabhairt isteach dhó agus a rádh gurbh eadh. "Caithfidh tú a dhuil agus í do thabhairt anseo."
    D'imthigh leis an ngiolla bocht go ndeachaidh sé go dtí an Domhan Thiar arís. Is gearr gur casadh an bhean áluinn leis agus d'innis sé an sgéal do tríd síos agus suas. "Ní rachaidh mise leat, arsa inghean Rí an Domhan Thiar, "nó go gcuirfidh tú an (cup) cúbhar bán atá ar an loch sin thall i n-íochtar agus an gaineamh garbh i n-uachtar.
    Bhí sé in a staic annsin. D'innis sé an sgéal do'n each bán agus dubhairt sí leis trí ruibe do tharraingt as a muing agus iad a casadh timcheall a cholainn. Rinne sé amhlaidh agus do threabhaidh sé an (b) loch díreach mar a bhí inghín an rí ag iarraidh air.
    Tháinig inghean an rí agus agus an giolla go h-Albain go dtí an rí. D'iarr sé uirthi é phósadh. Dubhairt sí leis go gcaithfidh sé trí bhuidéal uisge fhághail as tobar na buaidheartha(mh). D'imthigh leis an ngiolla bocht agus an each bán go ndeachadar go dtí an domhain thiar arís. Ní raibh fhios aige ca bhfuigheadh sé an t-uisge agus faoi dheireadh d'innis sé an sgéal don each bhán. Dubhairt an t-each bán leis. - Ar maidin i máireach imtheochaidh mise gus rachaidh tusa amach i lár na páirce sin thall agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Ac Thuathaláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Padhraic Ac Thuathaláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. Galway