School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 217
- XML “Filí an Bhaile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bá iad seo na filí a bhfearr dó bhí fa'n bhaile seo ar bith. Mar bhí Micheal Ó Gallchobhair as Gortamóra tá sé marbh le deich mbliadhna. File iongantach maith a bhí ann. Ní rabh sé ar an sgoil ariamh agus ní rabh sé ábalta scríobadh nó leigheadh. Cuireadh é sa'n roilig i gCarraic Áirt. Bhí sé ag iasgaireacht agus fosta ag feirmeóireacht. Bhí sé maith ag déanamh filidheacht agus fosta ag déanadh amhran. Chum sé dán darbh ainm "Nuair a bhí mise óg," agus fosta amhran darbh ainm, "Trathnóna deas ciúin sa'n Fhoghmhar." Thiocfadh leis dán a chumhadh gan trioblóid ar bith agus mar a gcéadna amhran a dhéanadh. Bhí dúil mór ag gach duine ann nó bhí sé iongantach pléisiúrdha. Bhí fear eile ann a bhí maith ag filidheacht darbh ainm Micheal Ó hOireachtaigh as na Dúnaibh. Tá sé marbh le fiche bliadhain. Ní rabh sé ar an sgoil ariamh acht bhí sé maith ag filidheacht. Cuireadh é sa roilig (?) igCarraic Áirt. Bhí sé maith ag iasgaireacht. Rinne sé cuid mhór dántaí in a am, agus fosta cuid mhór amhran. Racadh sé amach sa'n oidhce agus shiubhalfadh sé anoir agus anall an (?) bealach mór ag déanadh amhran agus dantaí. Ní rabh morán meas air san áit. Bhí fear eile darbh ainm Seán Mac Laithbheartaigh ó cnoc Mór mait (?) fosta ag déanadh filidheacht. Bhí sé ar an sgoil agus bí sé ábalta scríobadh.
- Collector
- Breandain Mac a Bháird
- Gender
- Male
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Mac a' Bháird
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal