Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 226
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí gabha óg 'na chomhnuidhe leis fhéin ám amháin. Oidhche amháin tháinig seandhuine thart, agus d'iarr sé fásgadh an toighe air go maidín.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an gabha go rabh ach go rabh set cruitheaacha le bualadh amach aige, agus nuair a bhéadh sin déanta aige go rachadh sé leis.
D'iarr sé ar an diabhal greim a fhághail ar an órd sin thall agus cuidiughadh leis. Bheir sé greim air agus thoisigh sé a bhualadh. Nuair a thug sé iarraidh an t-órd do leigint as a láimh ní rabh sé ábalta. Bhí sé ag bualadh, agus ag bualadh leis, agus gan é ábalta an t-órd do leigint amach. D'iarr sé ar Bhillí an t-órd do bhaint amach as a láimh, agus nach gcuirfeadh sé cathuigh air ní ba mhó. Leig sé amach an t-órd as a láimh agus d'imithigh a diabhal.
An dara bliadhain tháinig an diabhal fhad leis airíst, agus chuir ceist air an rabh sé réidh le ghabhail leis. Dubhairt Billí go rabh, agus go mbéadh sé leis ar an bhomaite nuair a nigfheadh sé a aghaidh, agus d'iarr sé air suidhe go mbéadh sé réidh. Shuidh an diabhal ar an cathaoir, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh O Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Átha Buí, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Mícheál O Cómhghaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Mín Átha Buí, Co. Donegal