Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 117
- XML “Sníomh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)-eochaidhe súas ina chuacóg é. Dheanfaidhe deireadh sin arist agus arist no gó mbeadh deireadh sníomhta.
Núair a bheadh an snath [déanaidh]? Chleitealfadh na daoiní iad fhein cia bith bál a bhí a dheoghbhail ortha.
Annsin núair a bheadh sé [cleitealta]? seó an doigh a gcuirfidhe d-ath air. Rachadh siad amach na chnuic agus malaí beaga leobhtha a bhaint “cneátaoil”. Nuair a mheásfadh siad gó mbeadh a saith bainte, thiocfadh siad aráis agus bhruithfeadh siad é i bpota mór é agus chuirfeadh siad uisge air, núair a bheadh sé ag gol chuirfeadh siad isteach an t’éadach ann. Dfhágfadh siad már sin é ar feadh cupla úair.
Annsin thógfaidhe amach é agus chuirfidhe ar triomughadh é agus núair a bheadh sé tirim bheadh dath deás ruadh air. Da mbeadh pláinncead a dhioghbhail deánta ortha, chuirfeadh siad an olainn súas chuig an fighadoir ar na Gleánntaí lé na dheanamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Duibheannaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal