Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 107
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)no geallach de (uibh i dtóin circe)
Ta gé ban san gharridhe, seasuigheann sí ar chois amhain, agus (seasuigheann) siubhlann sí ar chois ar bith. Nuair ata sí ar h-ancaire tá sí i bhfad o’na ait comhnuidhe. (long)
Caide ma chuirfea saighdhiuir i gcompairid le cailin óg. (Cuireann an cailin púdar ar a h-aghaidh agus beireann an saighdiuir a aghaidh ar an phúdar.)
Cáide a thig linne a dheanamh, nach dtig le Dia a dheanamh. (Thig linn eirigh o’n ar suidheachan agus leigean do dhuine nios fearr no muid suidhe in’ar n’ait.)
Caide a thig linn a fheiceal nach dtig le Dia a fheiceal. (Thig linn duine de nar gcineal fhein a fheiceal)
An t’athar na fcos fada, an mhathair bheag fádalach agus dha chloigean deag de phaisti beaga dubha. (an clog)
Caide ata i gcomhnuidhe ar gcul an ama (cúl na cloige) - Caided áta a dioghbhail ar bhróg nuair [ata]? sí deanta. (Comhráduidhe)
Cáide a fhasann le na rúta anairde. (ruball bó)
Fear beag dorcha in eadann na mallacha. (an crochadh)
Síud í san chlúdaigh, agus dhá chéad súl uirthi (ruideal)
Shin í sa gharraidhe, agus dhá chéad cota uirthi [crartún éail]?(leanann ar an chéad leathanach eile)