Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 052
- XML “Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine ar bith a bhfuil dhá bha bainne acu gnidhtear maistreadh dhá uair san t-seachtmhain. Ach daoine ar bith nach bhfuil acu ach bo bainne amhain bheirfeann sé a saith daobhtha buaileadh uair amhain san t-seachtmhain sin mas mian leobhtha maistreadh measardha mór a bheith acu, taobh shios de “lapta” na cuinneóige no mar sin.
Deirtear gur choir de chuinneoig a bheith deanta de adhmuid on chrann dáirach, annsin ní bheidh blas ar bith ar im nó ar an bhainne. An “loinnidh” a bheirtear ar an rud a bhuailtear an bainne leis. Oibrughtear an “loinnidh” anuas agus suas leis an bhainne a bhuaileadh. Nuair a thig im ar an chuinneoig agus an loinnidh a thabhairt thart in do lamh, agus poll blathach a bheith í lár baire gan im ar bith, ach an t-im a bheith thart fa dtaobh den pholl, sin comhartha go bhfuil se buailte.
Tógtar annsin é, agus cuir-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Theachláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sinéad Ní Theachláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall