Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí amach dubhairt sé go rabh an-truaighe aige duíthe nó go rabh eagla air nach rabh a cuid páiste féin aice. "Deán mar iarrfas mise ort," arsa seisean, go bfeicid tú caidé tá agat. I gcionn tamall eile nuair a rachas tú isteach tarraing amach an ghríosach agus caith práiscín maith coirce isteach ann sa lár. Nuair bhéas sin deánta agat gabh i bhfolach de thaoibh éiginteacht go bhfeicidh tú caidé bhéas ag gabhail. Ma tcíd? tú na páistí ag corrughadh nó ag tabhairt iarraidh amach ar dhóigh ar bith bidh cinnte? agus druid an doras agus ná leig? isteach níos mó iad.
Rinne sí mar d'iarr an fear uirthí agus d'fhág an cliabhán cómhgarach go maith do'n teine. Chuaidh sí i bhfolach annsin agus nuair a dhearg an teine thosaigh an coirce a bhléascadh agus a dhéanadh tormán a bhí mór go leor. Thóg na páistí a grinn? le h-iongantas agus d'fiafruigh an fear a bhí i gcionn a' chliabháin de'n fhear a bhí i gcois an chliabháin a' gcualaidh sé a leithéid sin ariamh. "Níor chulaidh arsa seisean, agus tá cuimhne agam nuair a bhí na h-uain óga ag siubhal anonn is anall ar loch Éirne. Níor mhothuigh mé a leithéid sin de thormán ariamh. Arsa an fear eile. "Is fearr duin bheith ag imtheacht." D'éirigh siad agus amach leabhtha. Thug bean a' toighe iarraidh ar an doras, druid sí é agus ni fhaca sí ní ba mhó iad. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94