Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Suíomh:
Dumha Acha, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
S. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086H, Leathanach 02_006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086H, Leathanach 02_006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
  2. XML Leathanach 02_006
  3. XML “Diarmuid a' Reatha agus an Garlámhach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Diarmuid a’ Reatha agus an Gar-lámach
    Ins an am a raibh Innis na Naomh mar ainm ar Éirinn, tháinig naoimh go h-Acaill agus do thainig beirt acú go Cill Damhnaid – beirt cailíní beaga darbh ainm Damhnaid, agus baisteadh an t-ainm sin ar an áit, ar an adhbhar sin, agus bhí tobar beannuighthe acú annsin, agus d’fan siad ann go bhfuair siad bás.
    Thanaic ceann eile go híochtar Acla, darbh ainm Naomh Mionnán, agus rinne sé tobar ann, agus tugadh d’ainm ar an gcnoc – Croc Mhionnáin – bhí an tobar ar bhord na fairrge, agus bí aill mhór ann agus tugadh mar ainm air Dubh-cinn Aille.
    Tháinig mac-gall agus chaith se salachar eicint isteach ins an tobar agus do thriomuigh sé, Chaill an fear a chiall mar gheall ar an tobar a shalughadh, agus d’éag sé.
    Tháinig naomh eile aca chun a’ Chaisil dárbh ainm Naomh Sgeachóg, agus chuir sé crann sgeiche ins an talamh, agus do mhéaduigh sé i n-a chrann mhór. Tháinig fear agus bhain sé géag dhe, agus rinne sé maide cas-ádhmad báid de, agus chuir sé i n-a bhád é. Chuaidh sé chun fairrge lá ar n-a bhárach ins an mbád, agus briseadh air í, agus ní raibh a-bhaile leis acht na maidí rámha agus an cábla.
    Deir gach uile duine gur mar gheall ar an ngéig do bhain sé de’n chrann naomhtha a briseadh an bád.
    Tháinig annsin an cúigeadh naomh go Sliabh Mór, agus rinne sé áitreabh ann, agus atá tobar ann a mbímid ag tabhairt turais le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann