Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- Suíomh:
- Dumha Acha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: S. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanfhocail (ar lean)
“Is trom cearc i bhfad.”
(ar lean ón leathanach roimhe)27. Is feárr leath-bhuilín ná bheith gan arán.
28. Is fearr leath-bhuilín ná aon rud.
29. Ná h-innis do ghraithe d’aoinne.
30. Bíodh scéal gach uile dhuine agad agus ná bíodh do scéal féin ag duine ar bith.
31. Stoirm Shamhraidh, agus téigleadh Geimhridh níor sheas siad riamh i bhfad.
32. Dhá rud nár mhair i bhfad ariamh, stoirm Shamhraidh agus téigleadh Geimhridh.
33. Níl fearg dhá mhéid nach síothcháin a deireadh, a’s níl tuile dhá mhéad nach dtráigheann.
34. Ní fearg dhá mhéid nach síothcháin a deireadh.
35. Níl dólás dá mhéad nach sólás a deireadh.
36. A dhuine gan chéill,
Tabhair aire dhuit féin,
Níl tuile dhá mhéad nach dtráighfidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann