Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)

Suíomh:
Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085C, Leathanach 08_025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085C, Leathanach 08_025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad
  2. XML Leathanach 08_025
  3. XML “Seaniarsmaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ortha acht a dhul go dtí an cloch seo agus a gcuid laimhe a nigheadh amach as an uisge sin. Ní bheadh siad i bhfad annsin ortha go dtí go n'imtigheadh siad dóbhtha. Tá carraig eile i Maigh Muilinn ar thaobh an bhóthair agus tá poll mór ina thaobh. Bíonn uisge ann i gcomhnuidhe agus bionn dath glas ar an uisge. Má bhionn faithne ar dhuine ar bith isé seo an leigheas atá air uisge cloch gan é a iarraidh. Má bhíonn faithne ar duine agus an duine sin a dhul go dtí an cloch ní bheidh maitheas ar bith ann. Caithfidh duine eicínt eile an t-uisge a thabhairt go dtí an duine a bhfuil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Ghallacobhair
    Inscne
    Baineann