School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- XML Page 245
- XML “Iníon an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig na namhaid go léir isteach.
Do bhí mílte aca ann ar fad. Do thánadar isteach. Do thóg Seán amach a chlaidheamh agus ar leagadh na súl do bhí an míle duine aca marbh agus an fathach féin chómh maith leó.
Nuair a chonnaic an cailín an fathach marbh do bhí áthas an domhain uirthi.
D'fhiafhruig Seán de'n cailín ar mhaith léi dul abhaile leis féin go dtí a h-athair agus dubhairt sí gan amhras gur mhaith léi.
Dubhairt Seán léi ansan gurb'é sin an rud a thug ansan é.
D'fhiafhruig sí de conus abhí a fhios aige go raibh sí ansan in-aon-chor agus d'innis sé do go raibh sé ag siubhal le na h-athair lá amháin agus gur iarr sé air ar raibh aon muirghean eile aige agus gur innis sé dho mar gheall uirthi agus go ndubhairt sé féin go ndéanfadh sé a dhícheall ar é sin a fhághail amach do.
Conus mar abhí bád ionghantach aige a raghadh in aon áit in-aon-chor a déarfadh sé leis dul agus gur shuidh sé isteach innti agus gur orduig sé dho chomáint(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí