School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- XML Page 246
- XML “Iníon an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)léi thar muir is thar tír thar cnocáin agus isleáin agus de bhárr barraídhe na gcrann agus gan stad ná staonadh a dhéanamh in aon áit go dtí go sroisfidís na cnuic ina raibh inghean an Rígh i gcoimeád ann.
Do chomáin sé léi ansan mar a dubhairt sé léi agus ba ghearra an mhoill uirthi na cnuic a bhaint amach. D'fhiafhruig sé dí ansan an raghadh sé abhaile go dtí a h-athair agus dubhairt sí gan amhras go raghadh mar go raibh sí ag feitheamh le duine éigin chun í a shábhail ar feadh na trí bliana abhí sí ann.
Dubhairt sé ansan go n-ollamhóchadh sí béile maith bídh de'n bheirt aca agus go n-íosfaidís é sar a dtosnóchaidís ar an dturas fada abhí rómpa.
'Seadh, d'ollmhuig sí an bídh dóibh agus d'itheadar é agus nuair abhí sé ithte aca d'fhéach an cailín timcheall ar thig an fhathaig agus d'fhág sí slán ag gach aon áit agus do chuadar amach.
Ní túisce a bhíodar ar an dtaobh amuigh(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork