School: Baile Mhúirne (Cailíní)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1126, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1126, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Page 073
  3. XML “An Bheirt Driotháir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí beirt driothár ann uair amháin agus do bhí an bheirt aca pósta. Do bhí duine aca ana shaidhbhir agus do bhí an duine eile ana bhocht. Ní raibh ach féar aon bhó amháin ag an bhfear mbocht.
    Do bhí an fear saidhbhir ana shanntach agus ní thabharfadh sé aon nídh in-aon-chor de'n driothar bocht. Ní raibh aon chlann ag an bhfear saidhbhir ach do bhí clann mhór ag an bhfear mbocht. Do bhíodar chómh bocht san gur minic a bhíodh ocras ortha, air féin is ar a bhean is a chlann. Fé dheire d'eirighdear chómh bocht san go ndubhairt a bhean leis go gcaithfidís an bhó a dhíol.
    Do bhí an t-aonach le bheith ann lá'r na mháireach agus dubhairt sé go raghadh sé ann leis an mboin. Ar maidin lá'r 'na mháireach d'eirig sé go h-ana luath chun dul ar an aonach leis an mboin. Ní raibh ach blúire beag leitinn aige i gcóir a bhreicfeast.
    Nuair abhí an breicfeas ithte aca do chomáin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork
    Informant
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork