Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig na namhaid go léir isteach.
Do bhí mílte aca ann ar fad. Do thánadar isteach. Do thóg Seán amach a chlaidheamh agus ar leagadh na súl do bhí an míle duine aca marbh agus an fathach féin chómh maith leó.
Nuair a chonnaic an cailín an fathach marbh do bhí áthas an domhain uirthi.
D'fhiafhruig Seán de'n cailín ar mhaith léi dul abhaile leis féin go dtí a h-athair agus dubhairt sí gan amhras gur mhaith léi.
Dubhairt Seán léi ansan gurb'é sin an rud a thug ansan é.
D'fhiafhruig sí de conus abhí a fhios aige go raibh sí ansan in-aon-chor agus d'innis sé do go raibh sé ag siubhal le na h-athair lá amháin agus gur iarr sé air ar raibh aon muirghean eile aige agus gur innis sé dho mar gheall uirthi agus go ndubhairt sé féin go ndéanfadh sé a dhícheall ar é sin a fhághail amach do.
Conus mar abhí bád ionghantach aige a raghadh in aon áit in-aon-chor a déarfadh sé leis dul agus gur shuidh sé isteach innti agus gur orduig sé dho chomáint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork