Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Seán is A Mháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dígh ar an mbórd ar leagadh na súl.
    Do bhí iongnadh an domhain ar an máthair nuair a chonnaic sí na biadhanna go léir ó's a gcómhair amach.
    Do shuidheadar síos agus d'itheadar agus d'óladar a ndóithin. Nuair a bhí a ndóithin ithte agus ólta aca do croth Seán an slaitín draoidheachta agus d'imthigheadar go léir as an mbórd fé mar a thánadar ann.
    Do chuadar a chodladh an oidhche sin agus do chodhluighdear go sámh in dhiaidh an béile bhreágh bídh abhí aca. An lá 'na dhiaidh san aon rud a theastuig uatha ní raibh le déanamh aca ach an slaitín draoidheachta a chrothadh.
    An oidhche 'na dhiaidh san do bhí Seán ag sguruidheacht mar ba ghnáth agus nuair abhí sé ag teacht abhaile do chasadh ceathrar fear air agus iad ag iomchar cómhrainn eatorra.
    Nuair a thánadar suas le Seán do leigeadar síos an chómhrainn agus dubhradar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí