Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “An Sagart is an Fear”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear agus bean ann uair agus do bhíodar pósta, agus do bhídís i gcómhnaidhe ag troid le 'na chéile.
    D'airig an Sagart paróiste mar gheall ortha. Ní raibh aon clann ag an mbeirt. Nuair a airig an Sagart mar gheall ar an dtroid do tháinig sé go dtí an tig ag triall ortha.
    Nuair a chonnaic an fear ag teacht é do thosnuig sé ag screadaig. Do tháinig sgannradh ar an mnaoí agus do thóg sí suas an t-ursal agus do thosnuig sí ag bualadh an fhir leis.
    Do shiubhal an Sagart isteach agus nuair a tháinig sé isteach do bhí an fear gheall leis marbh. "Cad tá agat á dhéanamh ansan leis sin?" arsa'n Sagart leis an mnaoí.
    "Ó táim ag bualadh an diabhal mór seo" ar sise. D'eirig an fear ansan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí