Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbád agus súid é fé dhéin an chaisleáin 'na raibh an cailín áluinn istig ann agus d'fhan Seán istig sa bhád ag feitheamh leis.
Do bhuail mac an Rígh cnag ar dhoras an chaisleáin agus do bhí d'ádh air go dtáinig an Rígh-bhean áluinn amach as. Ba dhóbair go dtuitfeadh sé i laige airís nuair a chonnaic sé chómh deas is abhí sí le na shúilibh cinn. D'innis sé dí ansan mar gheall ar na rudaí deasa abhí aige sa bhád.
Do chuir sí ana spéis ar fad ann agus dubhairt sí leis iad a thabhairt go dtí an caisleán cúichi. Dubhairt sé léi go raibh an iomad aca ann, ach ná féadfadh sé iad a thabhairt chúichi ach dá mba mhaith léi go bhféadfadh sí teacht go dtí an bád chun iad go léir a fheiscint.
Do chuaidh sí síos in-aon-fheacht leis do dtí an bád agus isteach sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí