Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní raibh a fhios aca ná go raibh turas fada rómpa agus do bhí eagla ortha go mbéarfaí gairid ortha.
Do chomáineadar leo go dtí go dtánadar go dtí an Caisleán 'na raibh an Rígh-bhean áluinn istig ann. Dubhairt mac an Rígh le Seán go leigfeadh sé air ag an gcaisleán go raibh sé ag díol rudaí a bhí déanta d'ór is d'airgead mar do h-innseadh do go raibh ana dhúil ag an Rígh-bhean i rudaí mar seo i gcómhnaidhe.
Dubhairt sé le Seán ansan fanamhaint sa bhád an fhaid a raghadh sé féin go dtí an Caisleán agus dá gcuirfeadh an Rígh-bhean ana spéis ann go meallfadh sé í chun an bháid chun iad a fheiscint agus dá mbeadh sí istig sa bád uair amháin go mbeadh an cuid eile do fuiriste a dhóithin. Do thugadar an bád chun puirt.
Tháinig mac an Rígh amach as an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí