Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Suíomh:
- Coill Chláráin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Ó Muineóg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gheobhadh duine earc luachra imeasg na luachra i bportach no i dtalamh fliuch. Rud beag casamhail le iasg is eadh é. Tá sé ceithre no cúig orlaigh ar fad.. Péast contabhairteach is eadh é. Dá mbeadh céanna aca in do bholg bheadh sé ag ithe gach greim bídh a n-íosfadh tú agus béadh(?) droch shláinte agat. Chuala mé sa mbaile go ndeachaidh earc luachra isteach in mbéal buachalla lá amháin agus é ag ól uisge as an tobar. Chuaidh sé abhaile agus d'innis sé an scéal d'á mháthair. Fuair a mháthair píosa feola agus chuir sí ar an bhfriochtán é. Chuir sí an bhfriochtán ós cionn na teine chun é do gríosadh. Do coimeád an buachaill a bhéal osgailte aige. Fuair an earc luachra boladh na feola agus léim sé amach, agus thosuigh sé ag ithe na feola ar a dhícheall. Chaitheadar an earc luachra amach an doras magus bhí sláinte maith ag an bhuachaill ón am San.Deirtear go bhfuil draoidheacht éigin ag baint leis an earc luachra. Dá ndéanfaidhe smidiríní dé tiocfaidhe(?) sé le céile arís.