Scoil: Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tomás Mac Craith

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Carraig an Chabhaltaigh | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Codladh suan díom agus sáin cuirim suas díobh gac tráth
O' d'eáluigheadar uaim dhá uair roimh lá.
Ag iascaireacht smál dó cuir na céadta chun báis
Dubh-iarsma na bliann 'na ndiaidh sin go bfoghad bás.

An Nodlaig seo chugainn an Nodlaig fé smúit.
Mo ceathrar ó fheara groidhe fé ratas na dtonn
Agus dá n-éirhigeadh mo criú chun tíre 'steach cugainn
Seadh fagaimís sínte iadh i gCill Cuain.
Sé Tomás mo stór an fear áluinn bhi óg
Bhí maisiúil muinte agus muirnéach go leor
Sé mo creach 's mo bhrón ná maireann tú gan beo
Ac do chorp bocht ag iascaibh á stóiceadh.
No Cormach na féile fé mo cuma gear fera mo tighe
Do thabharfadh se an breac cugam ón dtuinn
Nó an gé fiadain ó linn
Agus gan bhréig na creaca fraoigh.
Sé mo creach 's mo dhith ná téighid uaim sa luing.
Nó thar fairrge breagh naomhtha mar téigeadh na Wild Geese.
Bheadh mo shúil- se le Críost go mbeadh a gcasadh orm arís
Ac gan suil agam le nbhur gcongnand? na triur libh go deo 'ris.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Eamonn Ó Guinneán
Inscne
fireann
Aois
50
Seoladh
Ráth Úna Thoir, Co. an Chláir
Teanga
Gaeilge