Scoil: Dubhlinn (C.), Inis (uimhir rolla 4871)

Suíomh:
Dúlainn, Co. an Chláir
Múinteoir:
Bríd Ní Laighin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhlinn (C.), Inis
  2. XML Leathanach 158
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nuair a bhí Bothlum tinn agus é i leaba a bháis...

    Nuair a bhí Bothlum tinn agus é i leaba a bháis cuir an bhean tighe a bhí aige breitheamhantas air teacht le cúntas cuiche cá raibh sé agus tháinig sé. Chuaidh sí go dtí an sagart agus dubhairt sí gur cuir sí b'reitheamhantas air teacht cuiche agus do thug an sagart buideal uisce beannaighthe dí agus dubhairt sé leithe an tuisce beannaighthe a caitheamh ar an bpáirc thar timcheall agus í fein a seasam in a lár mar a dtagadh sé gairid dí do mhairbheóchadh sé í. Do tháinig sé agus d'iafruig sé de cad a cuir clúimh an choiligh air agus dubhairt sé gur baintreach do mharib sé. "Cad caoilig do chos" air sí. Dubhairt sé gur bainne na gcúig caorach do chaoiligh a chos agus allus loct an tsaothair agus a bheith faoibhreach leis na bochta. Diafruigh sí dhé cá raibh an tairgead, cár cuir sé é. Dubhairt sé go raib sé trí léím laoch ó lic go habhann.
    Bhí Bothlum in a chomhnuidhe i Catair Mc Clancie. Brigid Ruadh an bhean a bhí aige. Nuair a bhí cúpla luing do na Spáinig Ármada curtha idtír i Bealach a Laignigh. Do fuair Botlum ordú ó rí Shasana na Spáinig ná raib báidhte do crochadh. Do chroch sé iad i gcnoc an chrocaire mar a croc sé cuid mhaith rómpa. Do bhí mac rí na Spáinig i measg an mhéid a chroch sé agus tháinig an rí cun a mhac d'fághail agus é á thabairt abhaile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhlanagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Ghlaise Bheag, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Donnchadha
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    89
    Seoladh
    Ballysallagh, Co. an Chláir