Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 207
"Ciste Óir i Sliabh Callán"
Blianta ó shoin bhí taibhreamh ag Pádraig Ó Cellachán a chomhnuigheann i Gleann an Átha, go raibh ciste óir i bhfolach in aice le "leabadh Dhiarmuid agus Gráinne" agus go raibh cat ag tabhairt aire fé.
Chuaidh Pádraigh agus fear darbh ainm Tomás Ó Shonathán ar uair an mheadhon- oídhche chun cuardach a dhéanamh ar an áit.Thóg Pádraig Uisge Coisrichthe ,agus sluasad agus tuagh leis. Thosnuigheadara
ag polladh ach ní fhuaradar aon nídh.Tháinig néal mór sa spéir mar a bheadh cioth ag teacht agus do dhorchuigh an sliabh mór- thimcheall .Tháinig cat mór i láithir agus thugh sé fobha fuatha .Do baineadh geit mór asta, do dhúnadar an poll arís agus do ritheadar as an áit.- Bailitheoir
- Máire Ní Éigeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Machaire, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Máirín Ní Bhréanáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cloontysmarra, Co. an Chláir