Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eidhneadh, Inis
- XML Leathanach 185
- XML “Scoil Scairte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)185
de mhuinntir Sexton a bhí ag múineadh ann agus deirtear go dtáinigh sise ó Cill Mháille.Trí nó ceithre ada a mhúintí ins an sgoil.Teagasc Críostaidhe,léigtheóireacht,
sgríobhnóireacht, agus roinnt áireamh.Slinnte a bhíodh acu mar chóip sgríobhtha .Bhíodh teine acu sa Gheimhreadh mar thógadh gach sgoláire fód móine nó dhó leis gach lá.Ní raibh aon simné sa chabán agus mar gheall ar sin is amach an doras a theitheadh an deatach.Nuair a shéideadh an ghaoth ó phoinnte áirithe bhídís maith go leór ,ach nuair nach shéideadh sé ó'n bpoinnte sin bhídís múchta leis an ndeatach.Ar an iarta a shuidheadh an múinteóir agus shuidheadh na sgoláirí ar clocha -nó ar stóil de shaghas éigin inaice an fhalla.Nuair a cheapadh an múinteóir gurbh cheart léasadh a thabhart d'aon pháiste is leis an tluaith a bhuaileadh sí é.D'imigh an cuid is mó de na sean-daoine 'san áit seo aar sgoil ann agus dhíoladh gach sgoláie cúpla pingnesa mhí do'n múinteoir mar luach as a saothar. Téifheadh sí abhaile gach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mary Hegarty
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Machaire, Co. an Chláir