Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 169
Parróiste na hEidhnaighe.Eidhneach
Eidhneach .Deirtear gur fhás na crainn chomh flúirseach sin ó Sliabh Collán go dtí Inisdiamáin go bhféadfá siubhal orthu ó cheann go cheann agus gur fhás an eidhneán i measg na gcrann.Fásann an eidhneán go flúirseacah mór thimcheall na háite seo fós ar an droichead, ar bhruach na habhann,ar na crannaibh ,ar an reilig agus ar fhallaí na scoile.
Braon Tír
Tá míniú eile ann mar a leanas- braon Tír mar go raibh an áit seo an-fhliuch ar fad.Tá suas le deich locha insan bparróiste agus ritheann a lán srúthán isteach inAbhann na hEidhneanaighihne
a n-eirigheann i Sliabh Collán agus a ritheann isteach ssan fharraige mhór inaice le Leacht- Úi- Chonchubhair.Tá portach agus dóib go flúirseach insan áit agus talamh ,lom bocht.Tá Sliabh Collán ar an dtaobh thiar- theas de'n pharróiste agus áit an- íseal is eadh an cuid eille de'n tír mór thimcheall.D'fhan alán uisge ann agus áit fhliuch atá an.Deirtear go bhfuil an tír ar a ndtaobh thoir de Sliabh Collán ar an áit is fliche in Éirinn
Na Daoine.
De eir na sloinne atá ann féláhair is léir náar chomhnaigh aon chlann ann des na Dal gCais san áit ach amháin ar imeall an pharróiste(leanann ar an chéad leathanach eile)