Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)

Suíomh:
Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 514

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 514

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisleáin
  2. XML Leathanach 514
  3. XML “Láthair an Bhuailte”
  4. XML “Lios Uí Ruairc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    réidhtigim leis an mbaramhail sin. Tá trí liosanna in aon line amháin annseo (Ceann aca i mBiolrach) agus an ceann meadanach tugad Dún Lár air. I Sean Rann luaidtear Dómhnal Dubhdabhaireann mar Dómhnal Ó Dún Lár agus bhí priomh lios do Dhomhnal cómhgarach do'n lios sa - buailtigh - Fuairigtear é BHEILIG lár a bheiligh agus im' thuairm-se is ainm pearsanta Abéílidh.
    Tá trí nú níos mó gallán in a seasamh ar an dtaobh shoir de'n bhaile talmhan so.
    Tá ruid siumeamhail ar an dtaobh soir theas de'n baile talmhan so leis. Tá cloch ann i riasc agus rian cos capall ann cómh soileár agus dá ndeintí le seiseál é agus rian dhá bhróíg duinte amhail is dá mbeádh sé in a seasamh ar a bhinnibh. Tá sean sgeul ag baint leis seo - deirtear gur deineadh tóír ar shagairt agus sheinn sé agus an capall anuas ar an gcarraig. Tá rian eile sa charraig agus deir gurbh é lasc a tSagairt do dheín é nuair thuit sé. Pé in Eirinn é tá na rianta ana shuimeamhail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.