School: Baile an Chaisleáin (roll number 11303)
- Location:
- Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
- Teacher: Diarmuid Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisleáin
- XML Page 525
- XML “Historic”
- XML “Scéaltaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dusigheadh (?) talmhaintí chúig bailte Baile a' Chaisleáín um 1832 mar gheall ar poilitidheacht. Seo mar thuit se amach.Bhí toghochán mó ar siubhal sa tir agus igcóir Co Corcaighe bhí Feargus O Connchubhair driotháir do Artúr O Connchubhair (1798) Ó Mhághínse (Fort Robert) Béúl Atha Fhinghin ag dul isteach mar Liberal.D O Chómhairligh an Sagart paroíste an tAthair Sesoamh O Suilleabhain do na daoinibh bhotáil do Chonncubhair i gcoinnib Bernard Coil Ceáthrair do Thighearna Banndan agus dheineadar rud air. San am som bhí "meán - " tighearna talmhan ar talmhaintí Bhaile a Chaisleáin etc
dar b'ainm Gilman agus deallraibhuigheann sé ná raibh sé ró olc, acht d'eúg sé agus tháínig na talamhntaí isteach i lamhaibh Banndan agus bhí sásamh aige do chaith sé amach na feirmeoirí as "Cúig bailtí talmhan de Baile a' Chaisleáín" agus cuireadh plannduightheoirí as Droichead na Banndan in a n-ionad agus ó shin i leith tá muinntir Hosford, Chinnery, Welphy etc bunaighthe sa cheannthar so bíodh go bfhuil morán feirmeacha ag teacht thar nais do na Gaedhealaibh. - 24) Troidtí na trodtha so idir na Mathamhnaigh is na Muirthilligh, na Muirtilligh agus na Cruadhlaoidhigh25) Bíodh fuireann iomanuidheachta chaileamhail sa pharóiste seo timceall 70 bliadna ó shin.26) Na Mathghamhnaigh "Cem" (?), "bán," "láidir" - Cruadlaoidhigh "buidhe"(continues on next page)
- Collector
- Diarmuid Ua Mathghamhna
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir