Scoil: Baile Theas (B.), Malla (uimhir rolla 4953)
- Suíomh:
- An Baile Theas, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Hanluain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éigin imeasg na nGaedheal agus ní fada gur chas na Sasanaigh ortha agus dheinedar brúscar d'arm na nGaedheal. Taréis an catha agus go ceann i bhfad 'na dhiaidh sin bhí cnámha na bhfear a marbhuigheadh 'san chath le feiscint ingach áit ar fúd an chnuic. Deirtear 'sa chómharsanacht gur thug bean-uasal cárthannach éigin órdú iad do bhreith go dtí an mhainistear i gCill na Mullach agus gur cuireadh fé ghlas annsin i dtreo na beadh daoine a d'iarraidh iad a ghoid. Pé scéal é tá na cnámha le feishcint i gCill na Mullach i láthair na h-uaire agus dar ndóigh is cuimhneacán fiuntach iad chun a chur 'na luighe orainn nach le cainnt agus poilitideacht a baineadh amach saoirse na tíre seo.
BEÁL-OIDEAS I DTAOBH AN CHATHA
CLAIDHEAMH MHIC DOMHNAILLBhí claidheamh Mhic Domhnaill 'sa chómharsanacht ar feadh i bhfad. 'Sa Chaisleán i Lohort a bhí sé acht le linn an díth-ármála 1918 do tógadh an claidheamh agus níl tásc ná tuairisc air anois.
BÁS MHIC DÓMHNAILLDe réir lucht staire na comharsanachta marbhuigeadh Mac Domhnaill ag ath ar abhainn bhig atá ar bhun an chnuic. Tugtar "The Chieftain's Ford" ar an áit fé láthair. Bé rud a thuit amach ná go raibh Mac Domhnaill taréis teicheadh ó'n ár agus bhí sé ag bogaint a sgíth cois na h-abhann nuair tháinig Sasanach ar ab'ainm dó Williams taobh thiar de agus sháith sé claidheamh tré'n a dhrom(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mr James O' Connell
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Cnoc na nOs, Co. Chorcaí