Scoil: Baile Theas (B.), Malla (uimhir rolla 4953)

Suíomh:
An Baile Theas, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Tadhg Ó Hanluain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0364, Leathanach 285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0364, Leathanach 285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Theas (B.), Malla
  2. XML Leathanach 285
  3. XML “Caisleán Magner”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá an caisleán seo suidhte i bparóiste Casileán Magner agus i bhfoisgeacht trí míle slighe ó Cheann Tuirc. Níl fágtha de anois acht na fallaí agus "eidhneán ag eascair" ortha. Níl aon chinnteacht faoin bhliadhan 'nar tógadh an caisleán seo ó thárla nach bhfuil trácht air ins na láimhscríbhiní go dtí an 17adh aois deag acht mar sin féin baintear amach ó chuma agus déanamh an foirgnimh gur tógadh é circa 1500. Cuma nú déanamh dronuilleogach atá ar an gcaisleán agus tá an chuid is mó dé'n túr le feiscint go fóill. Is beag trácht atá ar an gcaisleán seo go dtí an bliadhain 1641. 'San am sin chómhnuig Risteárd Magner 'sa chaisleán agus bhí sé 'na stuírthóir (agent) ar áitreoirí Gaedhealacha Duthaighe Ealla. Ní folaír nú bhí sé páirteach i slighe eigin 'san eirghe amach, 1641, mar is soiléar go raibh Cromaill a d'iarraidh bob a bhualadh air. Cuireadh d'iachaibhar ar Mhagner, pé scéal é, dul go dtí Cluan Mealla chun ceannais Chromaill d'admháil go pearsanta. B'é rud a thuit amach ná gur thug Cromaill litir dó chun tabhairt do Cholonel Phaire, fear ionad an righ i gCorcaigh. Caithfhidh sé nú go raibh Magner ag súil le feill mar ní túisge imthighthe é na an litir oscailte aige. Ní raibh 'sa litir acht na trí focla leanas:- "Hang the Bearer." Is beag ná'r thuit Magner i laige nuair a fuair sé amach cad do bhí i ndan dó. Ní foláir nú do rith an sean-fhocal úd "Ní fál go h-aer é" isteach 'na cheann mar ní fada go raibh seift aige. Bhí oifigeach i Mágh Ealla ná'r thaitn le Magner ar aon chor ó thárla gur dhein sé taltaí Mhagner do chreachadh go minic gan gábhadh gan riachtanas. Bheartuigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge