Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír (uimhir rolla 3269)
- Suíomh:
- An Ladhar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Halladáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír
- XML Leathanach 278
- XML “Lá Bealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá Bealtaine
Nuair a choimeánadh fear an tighe nó bean an tighe na ba isteach um thráthnóna, ‘sé sin, an oidhche roimh Lá Bealtaine, d’ fhaireadh sé nó sí an chéad bhó a sgaoilfeadh bualtach uaithi, an bhualtach so do bhailiú isteach i n-árthach éigin agus an bhualtach do choimilt fan droma na mbó go léir agus blúire dhe do chur ar bhárr na siní. Cosaint é sin chun sochair na mbó do choimeádh ó dhaoine a bheadh ag faire ar é bhreith leó maidin lae Bealtaine le h-uisce na dtrí dteoran nó dul go tigh ag iarraidh deoch bainne, nó caor do bhreith amach as an dtigh nó éalughadh isteach i dtigh na mbó chun sreabh do crú ós na buaibh, nó sean-bhean i bhfuirm giorrfhiaidh ag dul imeasg na mbó sa pháirc chun iad do chrú.- Bailitheoir
- Pádraig Ó h-Áilleadáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Denis Bowler
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- An Chúil Rua Mhór, Co. Chorcaí