25/03/2019 Rogha na Seachtaine  (Féach tuilleadh »)

Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír (uimhir rolla 3269)

Suíomh:
An Ladhar, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Halladáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Laethanta na Bó Riabhaí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 429

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

By Denis Bowler, Coolroemore


Bíonn mór-chuid feirmeóirí leibideacha ann nach mbíonn dóthain an Earraig féin de'n bhféur tirm acu dos na buaibh, agus go mbíd ar tógáil sar a mbeireann an raidhre amuigh ortha.
Bhí sean-bhó i n-áit éigin agus bhí droch-bhail uirthe le linn an Mhárta. Bhí eagla uirthi go marbhóchadh fuacht agus feannaid an Mhárta í, mar a marbhuigheann sé na sean-daoine. Seadh, dob'fhada léi go raibh an Márta imtighthe, agus nuair a tháinig an lá deirionnach de, bhí eirighe croidhe uirthe agus ars ise,
" Bíodh an diabhal agat anois, a Mhárta, táím annso it aimhdheoín "
Cad a dhein an Márta acht iasacht trí lá d'fhagháil ó'n Aibreán. Thosnuig an chéad lá le gaoith adtuaidh - gaoth dubh nimhneach, agus sioc istoidhche. An tarna lá, do chaith flich-shneachta agus cloch-shneachta anuas, go ndeachaidh an fuacht go smior sa bhudóig bhoicht. Tháinig séideán sneachtaidh an oidhche sin a líon gach poll is páirse agus d'fhág coinnle reódha ar sileadh le díon is fál. Bhí carnáin sneachtaidh is leach-oidhre ins gach áit an tríomhadh lá agus fuacht ann a raghdh trí cláir déil. Bhí an bhó bhocht ar a tárr i n-áirde marbh roimh oidhche an tríomhadh lá.
Tugtar laetheannta na bó riabhaiche ar thrí lá tosaigh an Aibreáin, ó shoin.

Bailitheoir
Pádraig Ó h- Áilleadáin
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Denis Bowler
Inscne
fireann
Seoladh
An Chúil Rua Mhór, Co. Chorcaí
Teanga
Gaeilge