Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (uimhir rolla 6009)
- Suíomh:
- Rinn Ó Grianna, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cá rabhais ar feadh an lae uaim a bhuachaillín ó
Cá rabhais ar feadh an lae uaim a chumainn's a stóir
Bhíos ag fiadhach is ag iascach a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leórCad a bhí in do dhinnéar agut a bhuachaillín ó
Cad a bhí in do dhinnéar agut a chumainn's a stóir
Bhí nimh is iasc úr a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leórCad a fhágfair led mháthair a bhuachaillín ó
Cad a fhágfair led mháthair a chumainn's a stóir
Lán páirce de bhuaibh bána a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leórCad a fhágfair led dritheáir a bhuachaillín ó
Cad a fhágfair led dritheáir a chumainn's a stóir
Mo chú is mo ghunna a mháithrín ó
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leórCad a fhágfair led leanbhaí a bhuachaillín ó
Cad a fhágfair led leanbhaí a chumainn's a stóir
Tá an domhan fada fairsing is imthigidís leo
Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó hAodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chreag, Co. Chorcaí