Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (uimhir rolla 6009)

Suíomh:
Rinn Ó Grianna, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 312

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 312

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor
  2. XML Leathanach 312
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”
  4. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá áit áirithe ar a dtaobh theas de Rinn ó nGriana go glaodhann siad Caisleán na Saighdiúirí uirthe. Do bhí na Saighdiúirí na gcomhnuidhe ann sa t-sean aimsear agus do bhí airgead agus ór go leór acu. Deireann na sean-daoine go bfuil an t-airgead curtha i bhfolach fé leach mór atá ann agus tá an leach le feiscint fós. Do fuair bean píosa airgid i n-aice na h-áite agus bhí dáta dhá céad bliadhan ó shoin air. Tá tráig i n-aice na háite go nglaodhtar Cuan na Seasca mar Seasca ab ainm don oifiséar a bhí os cionn na saighdiúirí
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Seancháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Carraig an Loiscthe, Co. Chorcaí