Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (uimhir rolla 6009)

Suíomh:
Reenogrena, Co. Cork
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 309

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor
  2. XML Leathanach 309
  3. XML “Amhrán - Táim Breoite go Leor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cá rabhais ar feadh an lae uaim a bhuachaillín ó
    Cá rabhais ar feadh an lae uaim a chumainn's a stóir
    Bhíos ag fiadhach is ag iascach a mháithrín ó
    Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leór
    Cad a bhí in do dhinnéar agut a bhuachaillín ó
    Cad a bhí in do dhinnéar agut a chumainn's a stóir
    Bhí nimh is iasc úr a mháithrín ó
    Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leór
    Cad a fhágfair led mháthair a bhuachaillín ó
    Cad a fhágfair led mháthair a chumainn's a stóir
    Lán páirce de bhuaibh bána a mháithrín ó
    Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leór
    Cad a fhágfair led dritheáir a bhuachaillín ó
    Cad a fhágfair led dritheáir a chumainn's a stóir
    Mo chú is mo ghunna a mháithrín ó
    Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leór
    Cad a fhágfair led leanbhaí a bhuachaillín ó
    Cad a fhágfair led leanbhaí a chumainn's a stóir
    Tá an domhan fada fairsing is imthigidís leo
    Agus cóirigh mo leabaidh táim breóidhte go leór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó hAodha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cregg, Co. Cork