Scoil: Cill na dTor, Dún Mánmhaí (uimhir rolla 16254)
- Suíomh:
- Cill na dTor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhear ag fágaint tíghe taréis bheith ag sgoruidheacht ann chuaidh fear an tighe amach cun na mbeithidheach d'fheiscint Chuaidh sé isteach sa pháirc a bhí ó's cómhair an tíghe. Bhí cúig caoire deug i lár na páirce agus i na measg bhí bean agus culaith bán dá caitheamh aice. Tháinig scannradh ar an bhfear chómh luath agus a chonnaic sé í agus do rith sé leis féin cun a mhá. Bhí a bhean ag deunamh a cuid oibre timcheall an tighe agus nuair a chuir a chéile i n-iúl dí mar gheall ar an mnaoi a chonnaic sé is láidir nár thuit sí.
Chuadar araon amach agus bhí an bhean ins an bhpáirc go dtí seo agus na caoire i na h-aice. Do ghlaodar ar dhuine de's na cómharsanaibh ach nuair a tháinig seisean ní fheadfadh sé aon bhean d'fheiscint. Is amhlaidh a bhí sé ag magadh fé'n bhfear agus fé na mhnaoi. An oidhche ceudhna fuair driofúr an fhir a chonnaic an bhean bás. Bhí iongnadh ar chách agus deirtear gur bhí sin an bhean a connacathas.