Scoil: Com Liath (Scoil Brighde) (uimhir rolla 8924)
- Suíomh:
- An Com Liath Thiar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Cróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'fulangeochadh fuil, fuil i ngorta acht ní fulangeochadh fuil, fuil do gortaIs mó tadhsach iad, adharca na mbó thar lear
Is mairg a bhíonn gan driothar
Tosach an uilc is é is usa de chosg
An rud is annamh is iongantach
Tir gan teanga, tir gan anam
Bean gan riaghail, bean gan ciall
Sagart balbh, sagart dealbh
Ní féidir ceann críona a cur ar colain oig
Dá fhaid é an lá tagann an oidhcheTuigsint agus mítuigsint
Ní oireann siad le chéile
Mar is dóigh le fear na buile
Gur bé féin fear na ceille
Níl aon tairbhe dorus an stábla do dhruid tar éis goid an éichGo mairidh sé abhfad daingean is gan crothadh
Ní cothuigheann na briathra na bráthraDeachaireacht gach ndeachaireacht, aon ní a cleachtar a cur i ndearmhadhIs baile bocht, baile gan toit gan teineMarbhuigheann mian an duine fallsa, é féínNá bain tuighe de do thig féín, le sleanna a chur ar thig an leanna(leanann ar an chéad leathanach eile)