Scoil: Com Liath (Scoil Brighde) (uimhir rolla 8924)

Suíomh:
An Com Liath Thiar, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 545

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 545

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Liath (Scoil Brighde)
  2. XML Leathanach 545
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa tsean aimsir nuair a chaillfidhe duine bheadh mná ag deanamh ranna moltha dhóibh agus iad fá clár i dtig an toraimh.
    Do chailleadh sean duine uair agus thála go raibh inghean leis pósta i mbaile ar a dtugtaoí Ínnse. Bhí bean mhic ag an sean duine posta san dtig agus thárla leis gur ó Innse ab eadh í.
    Nuair a tháinig an inghean isteach i dtig an torraimh, sheas sí ós a chionn agus seo mar a mhol sí é:-
    Mo ghrádh thú is mo thaisge
    Is ba mhó le rádh thú tamall
    Nuair a bhathaí much id' chuid bainne
    Idir dhá Chéadaoin an Earraig
    Nuair a bhíodh muintir Ínnse dealbh.

    Dubairt bean a mhic a freagairt:-
    Léan ort agus lagair
    A sraoile bhuidhe 's a chaile
    Is ná cuir bréag go deó ar mhairbh
    Is go mór mhór ar t-athair
    Mar níor mhuich é ach banbh
    Is níor leis féín an bainne
    Ach e baluighthe aige ar fuaid na mbaile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge