Scoil: Páirc an Iarla (uimhir rolla 9303)
- Suíomh:
- Rathpeak, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Ss. Ó Maonaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Táim ag iascach san abhainn. Tá slat breágh fhada agam. Tá dorugha fada as ceann na slaite. Is féidir an dorugha a leigeann amach acht rochlóir beag atá ar an tslait a chasadh. As ceann na doruga tá píosa ruaime. Agus is dein ruaim sin a cheanglaim an chuileog bhréige. Féach anois cois abhann mé lá breágh gréine. Scaoilim an dorugha leis an ngaoith. Tuiteann an chuileog go héadtrom ar bharr an uisce. Scuabaim go mall treasna na habhann í. Cím breac ag éirghe. Fan! Ói, níl sé i ngreim. B'fhéidir go bhfaca sé mé. Ní mór dhom coinneáil siar ó bhruach na habhann. Caithfidh mé caitheamh amach go cúramach an t-am seo: Ó, tá breac agam. Breac mór atá ann freisinn.
- Bailitheoir
- Mary Anne Killeen
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Rathpeak, Co. Ros Comáin