Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)

Suíomh:
Tuaim, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 259

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 259

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Toames, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 259
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Mar sin féin do thóg sé an sparán.
    Chuaidh sé go dtí an tigh tábhairne agus annsan bhuail fear árd galánta uime agus chuir sé cainnt air. Dubhairt sé go dtabharfadh sé airgead go leór dó ach go dtiocfadh sé leis féin tar éis bliadhna. Gheall Seán go raghadh sé agus thug an fear árd ana chuid airgead do. Cheannuig sé ba agus bhí sé go maith (as) ar feadh na bliana sin.
    Díreach nuair abhí an bhliain caithte bhí Seán ag dul go dtí thig Neans arís nuair atháinig an fear árd 'na chomhair. Dubhairt Seán go raghadh sé leis, ach gur mhaith leis deoch d'fhagháil ar dtúis. "Tá go maith" ar san fear "Raghadh in aonfacht leat" "O" arsa Seán "bheadh náire orm dul ag ól le duine chomh árd mór galánta leat-sa". "Is féidir liom mé féin a dhéanamh beag" arsan diabhal. "An féidir leat tú féin a dhéanamh chomh beag go raghthá isteach san mealbhoigín sin"? arsa Seán. "Is féidir liom" ar seisean agus dhein sé amhlaidh láithreach. D'iarr Seán roinnt airgid air agus thug sé céad punt dó. Annsan chuir Seán é isteach san sparáinín athug an tseanbhean dó agus chuir sé é isteach in a phóca. Bhí sé ag crith istig san phóca.
    Do chuir Seán an bhóthar de go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Luasa
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Muine Choscair, Co. Chorcaí