Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)

Suíomh:
Tuaim, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 215

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 215

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Toames, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 215
  3. XML “Pádraig Mac Aoidh - An Gadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i gCnoc Fhadráin fadó agus Pádraig Mac Aoidh ab anim do. Gadaidhe bóthar dob eadh é. Bhí sé ann timpheall seachtnó blian o thoin. Tá fothrac an tithe 'nor chómhnuig sé le feiscint fós.
    Cé gur gadaidhe é bhí deagh- théithe aige. Deirtear nár ghoid sé riamh acht uair amháin o dhuine bocht. Is ós na daoine saibhre a ghoideadh sé i gcomhnuidhe agus thugadh sé cuid den airgead sin dos na daoine bochta. Uair amháin ghoid sé o duine in Inse Geimleach ná raibh puinn saibhris saoghail aige agus chuir an sagairt malacht air.
    Timcheall seacthmhaine in a dhiadh sin bhí sé chun tithe an Baruig Móir i gCarraig An Eas' do robáil oidhce áirighthe ach bhí an Barrac 'na dhuíseacht agus d'airig sé Pádraig ag an bfuinneóig agus sgaoil sé urchar leis agus bhuail sé Paidí sa mhéir. Tháining Paidí go Cnoc Fhadhróin agus tháinig an Barrac 'na dhiadh mar lean sé rian na fola.
    Cuineadh Paidí isteach i bpriosún. Fuair an barac párdún do airís agus thug sé mórán airgid do chun dul go h-America agus fanamhaint ann mar bhí eagla air go marbhóchadh Paidí é nuiair a tiocfadh sé amach. Cuaidh sé ann agus fuair sé bás ann roinnt beag aimsire ó shoin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Uí Laocha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnoc Amhráin, Co. Chorcaí