Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Leathanach 036
- XML “Scoil Scairte ar an Ghoirtín Fliuch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pádraig Ó Murchadha Gort Luachra a thug an teolas so dhom agus fuair sé an t-eolas ó na dhritháir críona Domhnall. Cailleadh Dómhnall timcheall cheithre bliadhna ó shoin.Bhí scoil scairte ar Ghoirtín Fluich tímcheall cheithre mhíle taobh thiar thuaidh de Beal-Áthá -Ghaorthaidh agus chaitheadh na scolairí adhbhar teine a bhreith go dtí an scoil. Gearalthach ó'n Sgibrín a bhí ag múineadh ann. Bhíodh tímpal sé duine déag ar fhichid ag freastal ar an scoil agus ós rud é go raibh an scoil i n-aice na teórann idir Chorcaigh agus Ciarraighe bhí mic-léighinn ag teacht ó Cnocán a' Móna agus Cnoc a' Rudaog i gCiarraighe ag freastal uirthe agus daoine ós na bailtibh seo i gConntae Corcaighe, Gort Luachra, Doire na Buairce, Cúm Dorcha, Goirtín Eoin, Goirtín Fluich, Leacha Bhán, Carraig Bán agus Ladhar na Gaoithe.Is i dtightibh na macléiginn a bhíodh an múinteóir ag cur fé. Níl fhios ag aoinne annso cad é an págh a gheibheadh sé. Múineadh sé Béarla, Mathematic, Tir Eolus, Stair, Gaedhluinn agus Gramadach. Bhíod leabhair ag na páistí scoile. Do dheineadh na leanbaí roinnt sgríobhneóireacta. Slinnte a bhíodh acu cun sgribhneóireachta. Bhíodh saghas éigin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Chorcaí