School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)

Location:
Céim an Fhia, Co. Chorcaí
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Page 029
  3. XML “An Gorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na mBocht agus amhlaidh a bhí bean agus cúpla clainne annsan marbh. Tháinig scannradh ’na chroidhe agus d’imthigh an tsráid anonn. Do cheannaigh an bhulóg aráin agus níor bhé sin an sgéal ba mheasa ach ná fhéadfadh sé greim a dh’ithe le h-eagla. Do léim sé isteach thar claidhe chomh luath agus a fuair sé seans air agus chuir sé timcheall ar féin ag teacht abhaile ag ghabháil bun os cionn le na daoine go dtí go dtáinig sé thar n-ais airís go Tuath na Dromann. Dá bhfeiceadh na daoine bocht ocracha an bhulóg aige do bhaileochaidís timcheall air agus do stracfaidís ó chéile é mar a dtabharfadh sé dóibh é.
    Ar a ghabháil tríd an tsráid mar a raibh seo bothán ar bhruach na h-abhann i n-aice an droichid chonaic sé seó daoine sínte taobh amuigh des na dóirse go lag leis an ocras agus tuille aca ’na suidhe i n-aice na dtinteán. Deir sé gurb é toil Dé go dtáinig tuile uathbhásach agus gur sgiob sé na botháin agus na daoine bochta leointe a bhí ionnta chun siubhal agus ná raibh luaith ná láthair tighe ann i gcionn cúpla lá.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    62
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gort Luachra, Co. Chorcaí