School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)

Location:
Céim an Fhia, Co. Chorcaí
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Page 024
  3. XML “Cuntas i dtaobh Bruíne Eile - Muintir an Bhunáin v Muintir an Ghúgáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhunáin tarcuisne éigin do dhuine ón nGúgáin agus thosnuig an bhruighean as san. Bhíodh Muinntir an Bhunáin déanta suas na gcuid éadaig Domhnaigh agus báiníní a bhíodh ar Mhuinntir an Ghugáin. Chuadar amach ar an bpáirc le breacadh an lae maidin samhraidh, agus labhair duine ón mBunán mar seo, "Cá bhfuil aon fhear gearbach ó Uibh Laoghaire a throidfidh liomsa." "Mise duine aca" arsa Tade Sheáin Ó Laoghaire ó Gort an Phludaigh á bhualadh le buille maide agus a shíneadh ar an bpáirc. Deirtear go raibh Tade Sheáin an-aicillidhe agus an-chruinn leis an maide. Do cailleadh an fear ceadna timcheall cheithre bliadna ó shoin i n-aois a seacht bliadhna déag agus agus cheithre ficid.
    Thosnuig gach aoinne ag bualadh annsan agus deirtear go raibh dhá mhaide ag cuid aca á láimhseáil, ag cosaint leis an láimh chlé agus ag tarrac leis an láimh ndeis. Bhí an lá ag muinntir an Ghúgáin mar bhíodar ró oilte sa troid den mhuinntir eile. Bhí cuid de Mhuinntir an Bhunáin laethanta gan dul abhaile bhíodar chomh bascuithe sin agus roinnt de mhuinntir na h-áite seo tinn go maith ar feadh tamaill.
    Tá sé ráidthe gur chuir an sagart stop le h-aon bhailiughadh a bheith sa Ghúgán a thuille agus d'eirig leis mar chómh fada agus is eol d'aon duine críona san áit ní raibh aon bhruighean mar sin ann ó shoin anuas.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Gort Luachra, Co. Chorcaí