Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí ana áthas ar an fear nuair a chuaid sé abhaile mar do bhí an t-ór aige ansan agus fo bhí sé cun alan rudaí a dhéanamh leis agus do dheanfhad sé tig breágh mór cinn slinne inionad an tigín beag cinn tighe a bhí aige anois.
Do ceannócad sé feirm breágh mór agus do bheadh alán fir oibre aige cun gach rud a dhéanamh do. Do dhein sé gac rud dóibh san agus do thosnuig sé ag ól.
Tháinig fear boct cun an doras lá amhain agus ní fuair sé pioc ach dubhairt sé bhearsa. Do'd é seo an bhearsa a dhein sé:-
A fear saidhbhir, a fhear saidhbhir
ní thabarfá pioc de's na bocta,
Bíonn tú ag ól agus tán tú ana doct,
A fhear saidhbhir, a fhear saidhbhir beidh tú breoite anocht.
D'imthig sé leis ansan agus do bhí an fear greoite an oidhche sin ach do leigicadh é arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Dhonnabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Mhuimhneacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 94
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí