Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhi tighearna talamhan ann uair amhain agus do bhi moran tailimh aige.
Do bhi se ana saidhbhir ar fad leis agus do bhi moran fir ag obair aige ar a thailimh agus do bhi moran ainimhidhe aige leis.
Do bhi truir inghean aluinn aige leis agus do bhi an te ab'oige acu nios deise na an cead inghean agus do bhi si sin aluinn go leor.
Fear ana sanntach ab'eadh e leis agus da cidhfheadh se aon rud do caithfheadh se e a fhaghail.
Nior thaithin san leis na tineonta a bhi ar a thailimh aige. Ni thaithinfeadh san leis na h-uaisle a thagadh ag triall air. D'airig an righ mar gheall ar an claidheamh soluis a bhi ag an fathac agus dubhairt se gcaithfheadh se e fhaghail.(leanann ar an chéad leathanach eile)