Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0336, Leathanach 423

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0336, Leathanach 423

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 423
  3. XML “Seán agus an Próca Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do taidrigead do Seán aon oidhche amáin go raibh próca óir fé carraig anaice le lios a bhí tamaillín ón áit sin. Níor chuir sé aon tsuim ansan ach do chuaidh sé i codlad an tarna oidhche agus do taidhrigead an rud ceadna do arís agus do dhúisig sé.
    Nuair a chuaidh sé i codlad arís do taidhrigead an rud ceadna tríd síos arís do. Ní raibh sé cun dul go dtí an lios in-aon-cor ach do taidrighead arís do an triomhád oidhce é.
    Do chuaidh sé go dtí an lios agus d'airig sé fotromh mór agus do tháinig éagla ar agus do cuaidh sé abhaile agus do tháinig atrú aigne ar agus do chuaidh sé fé déin an lios airís agus do thosnuig sé ag tomach nuair a bhí sé tamhall sios agus d'airig sé an fothrom agus do glaoidh sé ar na chómharsain do tanagadar agus do thogadar an t-ór go léir agus do bí máthair an buachaill ar buile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge